Workshop / Roundtable Talk
Tithe ón Seansaol / Lost Houses
Laura O’Connor, Will Judge & Morgan Davies
Explore Lost Architecture
Through presentations, round-table talks, and a hands-on workshop, exhibitors will unveil their design research and creative investigations into sites of lost buildings, forgotten homes, and overlooked architectural fragments scattered across Galway City’s rich cultural and social landscape.
Share Your Story
We invite you to bring a memory— a photograph, a story, an object, or a personal recollection. These prompts will spark a round-table discussion on themes of cultural identity, conservation, social history, and the unseen layers of our built environment.
Connect, Reflect, Reimagine
Join us in a welcoming, inclusive setting for an afternoon of conversation, debate, and discovery. Together, we will recall and reimagine Galway City’s architectural heritage—lost or unseen, but not forgotten. Don’t miss this chance to be part of a unique celebration of local architectural history. Let’s uncover the stories that still live in the walls, streets, and memories of Galway City. Ready to join the conversation?
Scrúdaigh Gnéithe Ailtireachta a d’imigh i Léig
Trí chur i láthair, plé boird, agus ceardlann phraiticiúil, léireoidh lucht an taispeántais toradh a gcuid taighde dearthóireachta agus fiosrúcháin faoi shuíomhanna ar a mbíodh foirgnimh a chuaigh i léig, árais chónaithe a ligeadh i ndearmad agus seanghnéithe ailtireachta nach dtugtar faoi deara a bhaineann le hoidhreacht chultúir agus shóisialta na Gaillimhe.
Do Scéalsa a Chur in Iúl
Tugtar cuireadh duit ábhar cuimhneacháin a thabhairt leat—grianghraf, scéal, earra nó do chuimhne cinn féin. Spreagfaidh an t-ábhar sin plé boird faoi théamaí maidir le ceangal cultúir, cúrsaí caomhnúcháin, an stair shóisialta agus sraitheanna den fhoirgníocht a théann gan iomrá.
Caidreamh, Smaoineamh, Athshamhlú
Beidh fáilte romhat in éineacht linn ag an ócáid shoicheallach seo do thráthnóna comhrá, plé agus eolais. Tabharfaimid chun cuimhne oidhreacht ailtireachta na Gaillimhe atá imithe i léig nó ó amharc, ach nach bhfuil imithe ó chuimhne, agus déanfaimid athshamhlú uirthi in éineacht.
Ná lig uait an deis seo páirt a ghlacadh i gceiliúradh faoi leith ar stair ailtireachta an cheantair.
Tiocfaimid le chéile ar scéalta atá fós beo taobh istigh de na ballaí, ar na sráideanna agus i gcuimhne na ndaoine i gcathair na Gaillimhe.
Réidh le cur leis an gcomhrá?
Project credits
Laura O’Connor, Will Judge and Morgan Davies are a dynamic collective of architectural designers based in Wales, they interpret heritage, landscape, and local traditions through drawing, writing, photography, and media. Their multidisciplinary research spans the Celtic nations, embracing diverse languages and cultures to reimagine architecture as a living dialogue shaped by social histories.
Cuallacht bhríomhar dearthóirí ailtireachta atá lonnaithe sa mBreatain Bheag, féachann siad le léirmhíniú a thabhairt ar ghnéithe den oidhreacht, den taobh tíre agus de shean-nósanna ceantair le saothar líníochta, scríbhneoireachta, grianghrafadóireachta agus meán cumarsáide. Déanann siad taighde ilchineálach ar fud thíortha na gCeilteach, le haird faoi leith ar theangacha agus ar chultúir éagsúla, le hathshamhlú a dhéanamh ar an ailtireacht mar chomhrá beo a thagann faoi anáil stair shóisialta na háite.
Supported by Galway City Council Architectural Conservation Office & Galway City Council Arts Office.
